visualizaciones de letras 33

Óró, ‘Sheanduine Dóite

Cathie Ryan

Chuir mé mo sheanduine
Isteach ins an choirnéal
A dhíol bhainne ramhair
Is a dh’ithe aráin eornan
Dá gcuirfeadh sé a cheann amach
Bhainfinn an tsrón de
Agus d’fhuígfinn an chuid eile
Ag na cailíní óga

Óró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dóite
Is óró, ‘sheanduine is mairg a phós thú
Óró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dóite
Luigh ar do leaba is codail do dhóthain

Chuir mé’ mo sheanduine
Go Síos Baile an Róba
Cleite ina hata
Agus búclaí ar a bhróga
Bhí triúir á mhealladh
Is ceathrar á phógadh
Chuala mé I nGaillimh
Gur imigh sé leotha

Óró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dóite
Is óró, ‘sheanduine is mairg a phós thú
Óró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dóite
Luigh ar do leaba is codail do dhóthain

Dá bhfaigheadh mo sheanduine
Gach ni mar ba chóir dó
Greamanna ime
Agus greamanna feola
Íochtar na cuinneoige
Is prátaí rósta
Bhainfeadh sí gliogar
As cailíní óga

Óró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dóite
Is óró, ‘sheanduine is mairg a phós thú
Óró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dóite
Luigh ar do leaba is codail do dhóthain

Dá bhíodh ‘fhios mo sheanduine
Ó, Mar a bhímse
Ag ól is ag imirt
Le hógfhir na tíre
Le héiri na gealaí
Go mbrisfeadh sé a phiopa
Agus bhuailfeadh sé faic
Le na bholg ins an ghríosadh

Óró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dóite
Is óró, ‘sheanduine is mairg a phós thú
Óró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dóite
Luigh ar do leaba is codail do dhóthain

Óró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dóite
Is óró, ‘sheanduine is mairg a phós thú
Óró, ‘sheanduine, ‘sheanduine dóite
Luigh ar do leaba is codail do dhóthain


Comentarios

Envía preguntas, explicaciones y curiosidades sobre la letra

0 / 500

Forma parte  de esta comunidad 

Haz preguntas sobre idiomas, interactúa con más fans de Cathie Ryan y explora más allá de las letras.

Conoce a Letras Academy

¿Enviar a la central de preguntas?

Tus preguntas podrán ser contestadas por profesores y alumnos de la plataforma.

Comprende mejor con esta clase:

0 / 500

Opciones de selección