Thugamar Féin an Samhradh Linn
2002
Samhradh samhradh bainne na ngamhna
Thugamar féin an samhradh linn
Thugamar féin an samhradh linn
Samhradh buí ó luí na gréine
Thugamar féin an samhradh linn
Samhradh samhradh bainne na ngamhna
Thugamar féin an samhradh linn
Samhradh duilliúir thugamar an chraobh linn
Thugamar féin an samhradh linn
Bábóg na Bealtaine, maighdean an tSamhraidh
Suas gach cnoc is síos gach gleann
Cailíní maiseacha bán-gheala gléasta
Thugamar féin an samhradh linn
Cuileann is coll is trom is caorthann
Thugamar féin an samhradh linn
Is fuinnseag ghléigeal bhéil an Átha
Thugamar féin an samhradh linn
Thugamar féin an samhradh linn
Thugamar féin an samhradh linn
Thugamar linn é is cé bhainfeadh dínn é?
Thugamar féin an samhradh linn
Comentários
Envie dúvidas, explicações e curiosidades sobre a letra
Faça parte dessa comunidade
Tire dúvidas sobre idiomas, interaja com outros fãs de 2002 e vá além da letra da música.
Conheça o Letras AcademyConfira nosso guia de uso para deixar comentários.
Enviar para a central de dúvidas?
Dúvidas enviadas podem receber respostas de professores e alunos da plataforma.
Fixe este conteúdo com a aula: