
Fáinne Geal An Lae
The Cassidys
Maidin moch do ghabhas amach
Ar bhruach locha léin
An samhradh 'teacht 's an chraobh len' ais
Is ionrach te ón ngréin
Ar thaisteal dom trí bhailte poirt
Is bánta míne réidhe
Cé a gheobhainn le m'ais ach an chúileann deas
Le fáinne geal an lae
Ní raibh bróg ná stoca, caidhp ná clóc
Ar mo stóirín óg ón speir
Ach folt fionn órga síos go troigh
Ag fás go barr an fhéir
Bhí calán crúite aici ina glaic
'S ar dhrúcht ba dheas a scéimh
Do rug barr gean ar bhéineas deas
Le fáinne geal an lae
Do shuigh an bhrídoeg síos le m'ais
Ar bhinse glas den fhéar
Ag magadh léI, bhíos dá maíomh go pras
Mar mhnaoi nach scarfainn léI
'S é dúirt sí liomsa, "imigh uaim
Is scaoil ar siúl mé a réic"
Sin iad aneas na soilse ag teacht
Le fáinne geal an lae



Comentarios
Envía preguntas, explicaciones y curiosidades sobre la letra
Forma parte de esta comunidad
Haz preguntas sobre idiomas, interactúa con más fans de The Cassidys y explora más allá de las letras.
Conoce a Letras AcademyRevisa nuestra guía de uso para hacer comentarios.
¿Enviar a la central de preguntas?
Tus preguntas podrán ser contestadas por profesores y alumnos de la plataforma.
Comprende mejor con esta clase: